Jump to content

Dopa-Mean Girl

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ealaíona TaibhiúcháinDopa-Mean Girl
Cineálseó aonair agus saothar liteartha Cuir in eagar ar Wikidata
ÚdarLouisa Ní Éideáin
TeangaAn Ghaeilge ⁊ an Béarla
SeánraGreann, ceoldráma
Fad ama60 nóiméad
Tír bhunaidhÉire
Gradam a fuarthasGradam First Fortnight
Céadléiriú
Céadléiriú11/09/2023

Is dráma aonair grinn dátheangach é Dopa-Mean Girl de chuid Louisa Ní Éideáin.[1] Leagan péacach ard-fhuinnimhe atá ann i stíl cheabairé de scéal dhiagnóis Ní Éideáin le NEAH (Neamhord an Easnaimh Airde agus na Hipirghníomhaíochta) agus í ina duine fásta. Dar le Ní Éideáin áfach, an té a fhaigheann diagnóis de NEAH, ní gá dóibh é a insint don saol mór. Níl sé riachtanach dhul ar an stáitse le hamhráin a chanadh faoi in aird a gcinn is a ngutha – is breiseán roghnach é sin.[2][3]

Rinneadh forbairt ar an seó agus é ina obair idir lámha mar chuid d'Fhéile Scene&Heard 2023, mar a díoladh amach gach ticéad dó, agus léiríodh é mar chuid d'Fhéile Imill BhÁC 2023, mar a bhain sé Gradam First Fortnight.[4][1][5][6] Bhí Franziska Detrez mar stiúrthóir ar an seó agus Sarah Murphy mar léiritheoir. Rinne Matt Burke dearadh ar na soilse agus thacaigh Gorilla Design leis an togra.[2][6]

Moladh an seó as a ghreann,[7] as a chur i láthair ionraic ó chroí,[8] as amhráin a ghreamódh i d'aigne,[9] as a nuálaíocht agus as a beocht.[10][11] Leanadh le léirithe an duaisdhráma seo in a bhfuil an Ghaeilge agus an Béarla fite fuaite ina chéile in Éirinn agus thar lear, m.sh. mar chuid d'Fhéile First Fortnight 2024[5] agus d'Fhéile Imill Dhún Éidinn 2025 in Albain.[10][11]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1 2 "Dopa Mean Girl" (27 Lúnasa 2024). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 27 Lúnasa 2024. Dáta rochtana: 27 Lúnasa 2024.
  2. 1 2 Henrietta McKervey (09 Meán Fómhair 2023). "‘Anyone who knows me didn’t look a bit surprised when they heard I’d been diagnosed with ADHD’". The Irish Times. Dáta rochtana: 15 Deireadh Fómhair 2025.
  3. Katie Byrne (2023-12-29). "The Weekend Hitlist: What we want to see, do and buy this weekend" (as Béarla). Irish Independent. Dáta rochtana: 2025-10-15.
  4. "And the nominations and winners are.... | Fringe Festival" (as Béarla). www.fringefest.com. Dáta rochtana: 2025-10-15.
  5. 1 2 "DOPA-MEAN GIRL" (as Béarla). First Fortnight. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2025-01-23. Dáta rochtana: 2025-10-15.
  6. 1 2 Louisa Ní Éideáin (30 Aibreán 2024). "Dopa-Mean Girl: Louisa Ní Eideáin's life as an artist with ADHD" (as Béarla). RTÉ. Dáta rochtana: 15 Deireadh Fómhair 2025.
  7. Margaret O'Connor (25 Feabhra 2025). "Something For The Weekend: Margaret O'Connor's cultural picks" (as Béarla). RTÉ. Dáta rochtana: 15 Deireadh Fómhair 2025.
  8. The Reviews Hub- Ireland (2023-09-16). "Dopa-Mean Girl - Smock Alley Theatre, Dublin" (as Béarla). The Reviews Hub. Dáta rochtana: 2025-10-15.
  9. Amy Donohoe (2023-09-08). "5 things you need to see at Dublin Fringe Fest this month" (as Béarla). independent.ie. Dáta rochtana: 2025-10-15.
  10. 1 2 Steve H (8 Lúnasa 2025). "Louisa Ní Éideáin – Dopa-Mean Girl! 4**** - One4Review" (as Béarla). one4review. Dáta rochtana: 15 Deireadh Fómhair 2025.
  11. 1 2 Rachael Davies (2025-08-04). "Edinburgh Fringe Review: DOPA-MEAN GIRL at Just the Tonic at The Caves" (as Béarla). Theatre Weekly. Dáta rochtana: 2025-10-15.