Domlas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Domlas (an t-ábhar buí) i mbithóipse ae i gcás na colastáise. Ruaimniú haemataixiolóin agus eosin.

Is éard is domlas ann ná sreabhán a bhíonn searbhbhlasta, le dath dúghlas go buídhonn, a thaltar as an ae sa chuid is mó de na veirteabraigh, agus a chuidíonn go mór le saillte a dhíleá sa stéig bheag. I go leor speiceas, stóráiltear an domlas sa mháilín domlais agus nuair a theann bia isteach sa stéig bheag siltear an domlas isteach sa dúidéineam. Is chomhdhéanamh é an domlas de na hábhair seo a leanas: Uisce (85%), salainn domlais (10%), múcas agus líocha (3%), saillte (1%), salainn neamhorgánacha (0.7%) agus colaistéaról (0.3%).