Domhnall Gleeson
Domhnall Gleeson | |
---|---|
![]() | |
Saol | |
Eolas breithe | Baile Átha Cliath, Bealtaine 12, 1983(37 bliain d’aois) |
Náisiúntacht | Éire |
Áit chónaithe | Mullach Íde |
Muintir | |
Athair | Brendan Gleeson |
Siblíní |
liosta iomláin
|
Oideachas | |
Alma mater | Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath |
Teangacha |
An Ghaeilge An Béarla |
Gairm | |
Gairm | scríbhneoir scripte scannáin, scríbhneoir, aisteoir stáitse, aisteoir scannáin, aisteoir, stiúrthóir agus aisteoir teilifíse |
Ainmníodh é/í le haghaidh |
liosta iomláin [[Tony Award for Best Featured Actor in a Play (en) ]]
(2006) |
IMDb | nm1727304 |
Aisteoir, stiúrthóir agus scríbhneoir Éirennach is ea Domhnall Gleeson, a rugadh ar 12 Bealtaine 1983 i mBaile Átha Cliath, Poblacht na hÉireann. Tá páirteanna imeartha aige i scannáin agus san amharclann, agus thuill a ról ar Broadway in The Lieutenant of Inishmore ainmniúchán do Ghradam Tony sa bhliain 2006. Chuaigh sé ar an stáitse in Amharclann an Gheata, i mBaile Átha Cliath, leaganacha de American Buffalo agus Great Expectations.
Bhí Gleeson páirteach freisin i sraitheanna teilifíse dála The Last Furlong, Black Mirror, Your Bad Self. Ar na scannáin a raibh rólanna aige iontu tá Six Shooter, Studs, Boy Eats Girl agus Ex Machina. D'imir sé ról an ghinearáil gan trócaire úd Hux in Star Wars: Episode VII - The Force Awakens agus Star Wars: Episode VIII - The Last Jedi, chomh maith le páirt Bill Weasley sna scannáin Harry Potter and the Deathly Hallows - Cuid 1 agus Cuid 2, a rinneadh sna blianta 2010 agus 2011 faoi seach. Is mac le Brendan Gleeson é, aisteoir a rinne páirt an charachtair Alastor Moody sna scannáin Harry Potter.