Jump to content

Dolores Keane

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaDolores Keane

(1985) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith26 Meán Fómhair 1953
Contae na Gaillimhe, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás16 Márta 2026
72 bliana d'aois
Contae na Gaillimhe, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmamhránaí, ealaíontóir taifeadta, fliúiteadóir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1975   2026
SeánraCeol na hÉireann
UirlisCeol gutha agus fliúit
Lipéad ceoilShanachie Records Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
SiblínSeán Keane (en) Aistrigh


Facebook: doloreskeanemusic Youtube: UCitaYS0Zq2EAioFn2dXLjVw Soundcloud: doloreskeane Spotify: 6nYVwBK8nCQCYlb7rA763B Apple Music: 4510673 Musicbrainz: ab05807f-c127-4cb5-9f72-72ec47096632 Songkick: 502596 Discogs: 432674 Allmusic: mn0000795905 Cuir in eagar ar Wikidata

Ba amhránaí tíre den stíl traidisiúnta[1] as Contae na Gaillimhe í Dolores Keane (26 Meán Fómhair, 1953 - 16 Márta 2026; rugadh agus d'éag sí i i gCathair Loistreáin). Bhí mealladh ina guth, guth domhain agus géar, Glactar leis gurb é leagain Keane d'amhráin ar nós "Galway Bay" agus "Caledonia", na leagain is fearr atá ann.

Dolores sa bhliain 1975 i Londain; bhí Cogadh Vítneam thart agus féile a bhí ann
le Dé Danann,[2][3] 1985

Duine de theaghlach aitheanta ceoltóirí ab ea Dolores Keane, lena n-áirítear a deartháir Seán, agus is in éineacht lena beirt aintíní Rita agus Sarah Keane sna 1960idí a thosaigh sí ag rá amhrán os comhair an phobail.[4]

Níor chian ina dhiaidh sin gur bhain Dolores a saincháil féin amach, agus is i méid a chuaigh an cháil sin nuair chuaigh sí i bpáirt leis an ngrúpa nuacheoil tíre Dé Danann[2][3] i 1974.

Chaith sí seal i Londain ina dhiaidh sin agus bhí baint mhór aici féin agus ag a fear céile an ceoltóir John Faulkner le Club na nAmhránaithe sa chathair sin.

Ba é There Was a Maid (1978) an chéad albam aonair a tháinig uaithi, Brokenhearted I'll Wander (1979) an dara ceann.

Chan Dolores Keane le Planxty i 1983 agus le Dé Danann arís ar feadh tamaill ina dhiaidh sin.

Ba chuid suntais an t-amhrán in ómós Nelson Mandela a chum John Faulkner agus a chan Dolores ar an albam Lion in a Cage (1989), bliain sular saoradh an cime cáiliúil sin ón bpríosún. Bhí an-tóir ar an amhrán sin, go deimhin, agus chuaigh sé go barr na gcairteacha in Éirinn.

D'oibrigh sí go minic lena fear céile John Faulkner sna 1970idí agus 1980idí, ach scair siad i 1988. D'éirigh go maith léi mar cheoltóir aonarach freisin.

Bhí Dolores ar dhuine de na mná a rinne an t-albam cáiliúil A Woman's Heart (1994).[5]

Bhí meas ag Dolores Keane ar an sean agus ar an nua araon agus d'fhíodh sí an snáithe iasachta anois is arís ina sainbhrat dúchasach. Tá blaiseadh den raon leathan sin le fáil ar an albam díolama The Best of Dolores Keane (1997).

In 2022, bhronn TG4 Gradam Saoil uirthi. Bhronn Ollscoil na Gaillimhe dochtúireacht oinigh uirthi in 2024.[1]

Bhuail ailse í.[6] D'éag Dolores Keane go suaimhneach i gcaitheamh na hoíche ina teach cónaithe i gCathair Loistreáin i dtuaisceart na Gaillimhe, áit ar rugadh í i 1953. ar 16 Márta 2026.[4] Bhí sí 72 bliain d'aois. Cuireadh í i reilig Dhomhnach Pádraig tar éis sochraid a raibh na céadta caointeoir i láthair inti.[7]

1985
  • There Was A Maid (1978)
  • Dolores Keane (1988)
  • Lion in a Cage (1989)
  • Solid Ground (1993)
  • Night Owl (1998)
  • Dé Dannan (1975)
  • Anthem (1985)
  • Ballroom (1988)

Dolores Keane agus John Faulkner

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Broken Hearted I'll Wander (1979)
  • Farewell To Éirinn (1980)
  • Sail Og Rua (1983)

Rita Eriksen agus Dolores Keane

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Tideland (1996)
  • Best of Dolores Keane (1997)
  • Where Have all the Flowers Gone: The Very Best of Dolores Keane (2003)
  • A Woman's Heart (1992)
  • Bringing It All Back Home - Influence of Irish Music (2 DD) (2000)

Físeáin (VHS)

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Bringing It All Back Home - Influence of Irish Music (1992) (ceoltóirí éagsúla)

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1 2 "August - University of Galway". www.universityofgalway.ie. Dáta rochtana: 2026-03-16.
  2. 1 2 nó níos déanaí, De Dannan
  3. 1 2 "De Dannan" (as en) (2026-03-16). Wikipedia.
  4. 1 2 Nuacht RTÉ (2026-03-16). "An t-amhránaí aitheanta Dolores Keane tar éis bháis" (as ga-IE).
  5. Mary agus Frances Black, Eleanor McEvoy agus Maura O'Connell na mná eile.
  6. "R.I.P Thread for Musicians/Those involved in Music. - Page 22" (en). boards.ie - Now Ye're Talkin' (2007-09-27). Dáta rochtana: 2026-03-16.
  7. "Na céadta ar shochraid Dolores Keane i gContae na Gaillimhe" (ga). Nuacht RTÉ. Dáta rochtana: 20 Márta 2026.