Dochtúir teaghlaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
British Journal of General Practice

Dochtúir teaghlaigh (general practitionerG.P. as Béarla) a thugtar de ghnáth i nGaeilge ar dhochtúir leighis a dhéanann freastal ar gach sórt othar i measc an phobail. Déanann sé nó sí scrúdú ar an duine, agus ordaíonn sé leighis i bhfoirm piollaí nó i bhfoirm eile. Is é a bhíonn i gceist le gnáthdhochtúir.

Dochtúir teaghlaigh, 1938, SAM

De ghnáth, déanann sé freastal ar othair ina sheomra freastal, agus sa lá atá inniu ann téann cuid mhór dochtúirí leighis i gcleachta i dteannta a chéile i ngrúpaí. Mar sin, is fearr is féidir leo freastal ar ghlaonna práinneacha san oíche nó ag an deireadh seachtaine. Chomh maith leis sin, is mó teacht a bhíonn ag an dochtúir agus ag a chomhghuaillithe ar uirlisí leighis agus cabhair chléiriciúil agus altranais i gcleachta grúpa.

I gcásanna áirithe, cuireann an dochtúir chuig saineolaí nó comhairleoir leighis an othar, chun dianscrúdú a chur air, nó chun freastal ar chásanna an-tinn nó níos casta ná an gnás.

I ndiaidh céime ollscoile sa leigheas a bhaint amach, déanann an dochtúir teaghlaigh traenáil ar feadh ceithre bliana eile i ngnéithe éagsúla den leigheas.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]