Dlíthe gluaisne Newton

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Céad agus Dara Dlí Newton, i Laidin, ón eagrán bunaidh i 1687 Principia Mathematica.

Tá na dlíthe gluaiseachta ar na trí dlíthe a chum Ridire Isaac Newton le linn dó bheith ag cur le chéile a Principia Mathematica. Is iad seo a leanas na trí dlíthe a chum sé:

An chéad dlí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dlí na Táimhe (Inertia). Fanfaidh gach corp ar fos nó ag gluaiseacht faoi threoluas tairiseach mura ngníomhaíonn fórsa seachtrach neamhchothrom air.

An dara dlí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a gníomhaíonn fórsa neamhchothrom ar chorp bíonn ráta athraithe móimintim an choirp i gcomhréir dhíreach leis an bhfórsa agus gníomhaíonn sé in aon treo leis an bhfórsa.

An triú dlí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Má chuireann corp A fórsa i bhfeidhm ar chorp B, ansin cuireann corp B fórsa urchomhaireach atá ar cóimhéid leis i bhfeidhm ar chorp A, i.e. bíonn an gníomhú agus an frithghníomhú ar cóimhéid agus urchomhaireach lena chéile.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]