Dlí canónta na hEaglaise Caitlicí
Dlí canónta na hEaglaise Caitlicí (Laidin: ius canonicum) is ea na dlíthe agus na prionsabail dlí atá mar bhonn faoin gcóras dlí na hEaglaise.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ius novum
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tháinig fás an-mhór faoin dlí Canónta ón 12ú haois ar aghaidh.[1] Breathnaíodh ar an Phápa mar dhlíodóir, ar bhealach, agus chreid ardoifigigh na heaglaise gurbh é an rud ba thábhachtaí ná an dlí Canónta a fhorbairt agus a shonrú. I measc na ndlíthe seo bhí dlí a chuir cosc le pósadh na cléire. Ach in ainneoin na rialacha nua a cuireadh ar phár sa Róimh, ba bheag an t-athrú a tháinig ar nósanna na cléire ar fud na hEorpa go deireadh na meánaoise.
Ius codicis
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar an 27 Bealtaine 1917, d'fhógair an Pápa Beinidict XV an Cód Pio-Bheinidicteach 1917.[2] An chéad iarracht ar na dlíthe canónta a bhaineann leis an ngnásaíocht Laidineach san Eaglais Chaitliceach Rómhánach a chódú ab ea é. Deirtear gurb é an ócáid is tábhachtaí ó thaobh an dlí chanónta de i mbeagnach ocht gcéad bliain.
Dlí Johanno-Pauline
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí an Cód Pio-Bheinidicteach 1917 bailí go dtí gur tháinig an Cód Dlíthe Canónta reatha i bhfeidhm sa bhliain 1983.[3]
Dlí canónta in Éirinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhreathnaigh Tuarascáil Choimisiún Imscrúdúcháin Ard-Deoise Bhaile Átha Cliath (Coimisiún Iníon Uí Mhurchú) a foilsíodh sa bhliain 2009 ar chur i bhfeidhm an dlí chanónta san Ard-Deoise maidir le mí-úsáid páistí idir 1975 agus 2004[4]. Fuarthas (Caibidil 4, lgh 57-80) go raibh easnaimh mhóra thar na blianta sa chaoi ar chuir an Eaglais a rialacha féin sa réimse seo i bhfeidhm.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Ceist na hAontumhachta" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-05-27.
- ↑ canonlaw.info (1917). "Master Page on the Pio-Benedictine Code of 1917". www.canonlaw.info. Dáta rochtana: 2020-05-27.
- ↑ "UCD School of Law" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-05-27.
- ↑ The Department of Justice and Equality. "Report by Commission of Investigation into Catholic Archdiocese of Dublin" (en). The Department of Justice and Equality. Dáta rochtana: 2020-05-27.