Dlí Snell

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Tugtar Dlí Snell (ar a dtugtar D Snell-Descartes agus Dlí an athraonta freisin ) ar dhara dlí an athraonta, in onóir do Willebrord Snell (1591-1626), matamaiticeoir Dúitseach (ar a dtugtar Snellius freisin) a tháinig air sa bhliain 1621,

Tugann Dlí Snell, san optaic, an gaol idir conair an tsolais a thógann ga solais agus é ag trasnú teorainn nó dromchla an deighilte idir dhá shubstaint atá i dteagmháil lena chéile agus comhéifeacht athraonta éagsúil ag gach ceann acu.

Níor foilsíodh cuntas ar dhlí Snell go dtí gur luaigh Christiaan Huygens é ina thráchtas ar sholas (Traité de la Lumière).


San optaic, úsáidtear an dlí i rianú ghathanna chun uillinneacha ionsaithe nó athraonta a ríomh, agus in optaic thurgnamhach chun comhéifeacht athraonta ábhair a fháil. Bíonn an dlí i bhfeidhm freisin i meitea-ábhair, a ligeann solas a bheith lúbtha "ar gcúl" ag uillinn diúltach athraonta le comhéifeacht athraonta diúltach .

Luann dlí Snell go bhfuil an cóimheas idir sinis na n-uillinneacha ionsaithe agus athraonta comhionann i gcomhréir le chóimheas na dtreoluas toinne sa dá mheán, nó i gcomhréir le deilín chóimheas na gcomhéifeachtaí athraonta