Dlí Hardy-Weinberg
An prionsabal a rialaíonn minicíocht na n-ailléilí is na ngéinitíopaí i bpobal easphóraithe cobhsaí, a foirmlíodh i 1908 ag Godfrey Hardy is Wilhelm Weinberg. Má tá dhá ailléil ann, A agus a, le minicíochtaí p is q, p + q = 1. Uaidh sin, p2 + 2 p q + q2 = 1: is ionann p2 agus minicíocht an homaisiogóit AA, q2 agus minicíocht an homaisiogóít aa, 2 p q agus minicíocht an heitrisiogóit Aa. Is féidir an chothromóid a fhorbairt chun níos mó ná dhá ailléil a chlúdach ag lócas ar chrómasóm. Tarlaíonn dialltaí ón dlí seo i bpobail bheaga ionphóraithe. Baintear feidhm as go minic chun minicíochtaí heitrisiogót (2 p q) a ríomh maidir le neamhord cúlaitheach nuair is eol go cruinn minicíocht na homaisiogót a bhíonn buailte leis (q2). Mar shampla, má tharlaíonn an fhiobróise chisteach do dhuine as 2,500 sa phobal (q2 = 0.0004), q = .02 agus 2 p q = 2 × 0.98 × 0.02 = 0.0392, nó is é duine as 25.5 sa phobal tarlú na hailléile i gcoitinne.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Dlí Hardy-Weinberg". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 341.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |