Dlí Daonchairdiúil Idirnáisiúnta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is é atá i gceist leis an Dlí Daonchairdiúil Idirnáisiúnta, dá dtagraítear mar dhlíthe an chogaidh, dlíthe agus nósanna an chogaidh nó dlí coinbhleachta armtha go minic, ná corpas dlí atá cuimsithe de Choinbhinsiún na Ginéive agus de Choinbinsiún na Háige, chomh maith le conarthaí ina ndiaidh, cásdlí agus dlí idirnáisiúnta gnách. Tugann Dlí Daonchairdiúil Idirnáisiúnta sainmhíniú ar iompar agus freagrachtaí náisiún cogaíoch, náisiún neodrach agus daoine a bhíonn ag gabháil do chogaíocht, i ndáil lena gcéile agus i ndáil le daoine cosanta, sin le rá sibhialtaigh de ghnáth.

Tá an dlí éigeantach do náisiúin atá faoi cheangal conarthaí iomchuí. Tá rialacha neamhscríofa maidir le cogadh ann chomh maith, agus rinneadh iniúchadh orthu le linn na dTrialacha Nürnburg. Tugann na rialacha sin sainmhíniú ar chearta ceadaitheacha na gcumhachtaí seo chomh maith le toirmisc ar a n-iompar agus iad ag déileáil le fórsaí neamhrialta agus neamh-shínitheoirí.

An Dá Bhrainse Stairiúil: Dlí na Ginéive agus Dlí na Háige[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tá Dlí Daonchairdiúil Idirnáisiúnta na linne seo comhdhéanta de dhá bhrainse stairiúla: dlí na Háige, dá dtagraíodh san am atá thart mar dhlí an chogaidh shonraigh, agus dlí na Ginéive nó "dlí daonchairdiúil". Tagann ainmneacha na mbrainsí ó roinnt comhdhálacha idirnáisiúnta inar dréachtaíodh conarthaí maidir leis an ndlí agus maidir leis an gcoinbhleacht, go háirithe Comhdhálacha na Háige sa bhliain 1899 agus sa bhliain 1907. Is brainse de jus in bello iad Dlí na Háige agus Dlí na Ginéive. Is é atá i gceist le jus in bello ná dlí idirnáisiúnta maidir le cleachtais inghlactha agus cogadh nó coinbhleacht armtha á chomhrac.

Cinntear le Dlí na Háige nó Dlí an Chogaidh shonraigh cearta agus dualgais na gcogaíoch maidir le hiompar oibríochtaí agus cuirtear teorainneacha ar an díobháil atá ceadaithe. Go háirithe, baineann an dlí seo le sainmhíniú comhraiceoirí, agus cruthaíonn sé rialacha maidir le modhanna cogaíochta, agus déanann sé iniúchadh ar shaincheist aidhmeanna míleata.

Níor thosaigh iarrachtaí córasacha chun teorainneacha a chur ar bhrúidiúlacht cogaíochta ach sa 19ú haois. Bhí tionchar mór ag Ré na hEagnaíochta maidir le dearcadh cogaíochta. Ba í aidhm na cogaíochta ná an lámh in uachtar a fháil ar an stát namhad trí chomhraiceoirí a mhartrú. Mar sin de, tagann an t-idirdhealú idir comhraiceoirí agus sibhialtaigh, an ceanglas go gcaitear comhraiceoirí namhad atá gortaithe agus a ghabhadh a chóireáil go daonnachtúil, agus go gcaitear anacal a dhéanamh, ceann de philéir Dhlí Daonchairdiúil Idirnáisiúnta na linne seo, ón bprionsabal seo.