Diarmuid Johnson
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 1965 60/61 bliana d'aois |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | file, scríbhneoir |
| Teangacha | An Bhreatnais agus an Ghaeilge |
File, ealaíontóir, ceoltóir agus acadóir ó Éirinn is ea Diarmuid Johnson (1965—) agus saothair scríofa aige i nGaeilge, i mBreatnais agus i mBéarla. Tá an Dún Laoghaire International Poetry Festival Prize (2000) ar na duaiseanna a ghnóthaigh sé.
Beatha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Diarmuid Johnson in Caerdydd sa Bhreatain Bheag. Cé gurb as an mBreatain Bheag dó ó dhúchas, is de shliocht Éireannach é Diarmuid, agus tá seacht dteanga ar a thoil aige – an Ghaeilge, an Bhreatnais agus an Bhriotáinis ina measc.[1]
Fuair sé oideachas i nGaillimh idir 1970 agus 1989, agus tá céim BA, MA agus PhD sa Léann Ceilteach aige.
Tá obair déanta aige mar iriseoir agus mar eagarthóir i gConamara, agus idir 1989 agus 1996 bhí sé ina léachtóir sna Léann Ceilteach sa Bhreatain Bheag, sa Bhriotáin, sa Ghearmáin agus sa Pholainn. Ba é eagarthóir Cuisle, míosachán Gaeilge, é idir 1999 agus 2000, agus bhí sé ina eagarthóir ar Transcript, iris liteartha ar líne.
Tá sé le cloisteáil ar Raidió na Gaeltachta mar thuairisceoir agus múineann sé Gaeilge in Éirinn i rith an tsamhraidh. Tá sé pósta agus clann aige.[2][3]
Bhí an Dr Johnson ina eagarthóir comhairleach ar Fhoclóir Breatnais–Gaeilge Joe Mitchell.[4][5][6]
Litríocht, ceol agus ealaín
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá a lán leabhar foilsithe ag Johnson. Orthu sin tá na cnuasaigh dánta An tÉan agus Dánta Eile / Der Vogel und andere Gedichte, Another Language, The Woods are Growing Younger / Pădurile întineresc, agus Súil Saoir, in éineacht le saothair phróis i dtrí theanga. I 2014 bhí sé ina fhile teallaigh i dteach mór Rhos-y-Gilwen in iardheisceart na Breataine Bige.[7]
Tá roinnt úrscéalta scríofa aige atá bunaithe ar an tseanstair agus ar fhinscéalaíocht na hÉireann. Mar shampla, tá scéal an leabhair Ceallach bunaithe ar thaiscéalaíochtaí Naomh Gall, manach Éireannach a rugadh sa 6ú haois – agus bhí Diarmuid i láthair do sheoladh an leabhair in Ollscoil Luimnigh i 2025, in éindí le hAmbasadóir na hEilvéise.[1]
Seinneann sé ar an bhfliúit agus tá cuid mhaith den Eoraip siúlta aige mar cheoltóir traidisiúnta. Tá roinnt mhaith ceoil taifeadta aige.[8]
I 2015 cuireadh an chéad taispeántas aonair d’ealaín ghrafach aige, Feuer und Schatten (Tine agus Scáth), ar bun in Bonn sa Ghearmáin.[9]
Ghnóthaigh an t-úrscéal Cláirseach an duais don úrscéal is fearr ag Gradaim Liteartha an Oireachtais 2025, agus é idir lámha an fhoilsitheora.[10][11]
Leabhair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Filíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Conamara agus Tíortha Eile: Rogha Dánta 2015-2025, Leabhar Breac, ISBN: 9781913814755, 2025[12][13]
- An tÉan agus Dánta Eile / Der Vogel und andere Gedichte, Curach Bhán Verlag, an Bheirlín 2013
- The Woods are Growing Younger / Pădurile întineresc, Eikon, Cluj, an Rómáin 2013 (E. Ivancu a d’aistrigh go Romáinis)
- Súil Saoir, Cló Iar-Chonnachta 2004
- Another Language, Motivex, an Pholainn, 2009 (Gaeilge, Béarla, Breatnais)
Prós
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 2025 An Cláirseoir – úrscéal faoi ionradh na Normannach i 1169 (Leabhar Breac)
- 2024 Deoch an Tobair – sleachta gearra as prós na Gaeilge le míle bliain anuas maille le nótaí (Leabhar Breac)
- 2022 Ceallach – úrscéal faoi Naomh Gall (Leabhar Breac)
- 2021 Seacht dTír Seacht dTeanga (Leabhar Breac)
- 2020 Éadaoin (Leabhar Breac)
- 2018 Tuatha Dé Danann (Leabhar Breac)
- 2017 Conaire Mór – athinseacht ar an scéal Sean-Ghaeilge Togail Bruidne Da Derga (Leabhar Breac)
- 2016 Pen and Plough – 20th Century Poets and Bards of Ceredigion (Carreg Gwalch)
- 2013 Tro ar Fyd (le hAmanda Reid) (Y Lolfa)
- 2011 Y Gwyddel - O Geredigion i Galway (Gomer)
Aistriúcháin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Dafydd ap Gwilym, petite anthologie d'un grand poète (WODAN, Amiens 1994), le Jean-CLaude Lozac'hmeur
- Coinnigh do Mhisneach (aistriúchán de Yfory Ddaw, úrscéal le Shoned Wyn Jones) (Cló Iar-Chonnachta, 2004)
- Aistríodh úrscéal dá chuid – Ceallach – go Gearmáinis.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 Bill Breathnach (2025-11-19). "‘Nuair a tháinig an Béarla in áit na Gaeilge, chuaigh go leor seanchais i léig’" (ga-IE). Irish Independent. Dáta rochtana: 2025-11-21.
- ↑ Suíomh Dhiarmada Johnson (SDJ), rochtain 11 Márta 2017
- ↑ Transcript, rochtain 11 Márta 2017
- ↑ "An chéad fhoclóir Breatnaise-Gaeilge le foilsiú". Tuairisc.ie (2017-11-29). Dáta rochtana: 2025-11-18.
- ↑ "Joe Mitchell: Creu’r geiriadur Cymraeg-Gwyddeleg cyntaf / Creating the first Welsh-Irish dictionary" (as Gaeilge, Breatnais ⁊ Béarla). Parallel.cymru (2018-10-06). Dáta rochtana: 2025-11-18.
- ↑ Diarmuid Johnson (Deireadh Fómhair 2013). "Gaeltacht Aberystwyth agus Foclóir Nua". Beo! (Eagrán 150).
- ↑ SDJ ibid.
- ↑ SDJ ibid.
- ↑ SDJ ibid.
- ↑ Maitiú Ó Coimín (2025-10-29). "Duais don úrscéal is fearr buaite ag Diarmuid Johnson ag Oireachtas na Samhna". Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-11-26.
- ↑ "Duais an Úrscéil bronnta ar 'An Cláirseoir' le Diarmuid Johnson ag Oireachtas 2025". NÓS (2025-10-29). Dáta rochtana: 2025-11-26.
- ↑ Seaghan Mac An tSionnaigh (2025-05-08). "Léirmheas: 'Conamara agus Tíortha Eile Rogha Dánta 2015-2025' le Diarmuid Johnson". NÓS. Dáta rochtana: 2025-05-21.
- ↑ Leabharbreac.com (2025). "Conamara agus Tíortha Eile" (ga-IE). Leabhar Breac. Dáta rochtana: 2025-05-21.