Diane di Prima
Cuma
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 6 Lúnasa 1934 Brooklyn, New York |
| Bás | 25 Deireadh Fómhair 2020 86 bliana d'aois San Francisco, California |
| Faisnéis phearsanta | |
| Idé-eolaíocht pholaitíochta | Fat acceptance movement (en) |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste Swarthmore Ardscoil Choláiste Hunter |
| Gníomhaíocht | |
| Réimse oibre | Filíocht, dírbheathaisnéis agus aistriúchán |
| Gairm | file, scríbhneoir, aistritheoir, dírbheathaisnéisí |
| Tréimhse oibre | 1957 – 2020 |
| Fostóir | Ollscoil Naropa |
| Gluaiseacht | An Ghlúin Beat |
| Teangacha | Béarla |
| Saothar | |
| Suíomh a chartlainne | |
| Teaghlach | |
| Páiste | Dominique di Prima |
File a bhí in Diane di Prima (Lúnasa 6, 1934 – Deireadh Fómhair 25, 2020). Guth radacach i nuafhilíocht Mheiriceá a bhí inti a raibh glór cumhachtach feimineach aici nuair ba iad na fir is mó a labhair ar son ghlúin na bhfilí Beat.
Lámhleabhar na hagóidíochta frithchultúrtha a bhí sa leabhar aici 'Revolutionary Letters' (1971) a léiríonn samhlaíocht útóipeach agus aird á tarraingt aici ar an éiceolaíocht. Sa dán eipiciúil Loba, ar tour-de-force é dar le mórán, tarraingíonn sí ar go leor miotas chun spiorad an fhaolchú mar bhandia a chruthú le cantaireacht orthaí. "Fuascailteach agus ar maos i bhfuil, dán do gach ré", a thug Robert Hunter air, liriceoir Grateful Dead.