Dennis Bergkamp

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Dennis bergkamp)
Jump to navigation Jump to search
Dennis Bergkamp
Dennis Bergkamp 2014.jpg
Saol
Ainm iomlán maritimo juan angel deniss bergkamp
Eolas breithe Amstardam, 10 Bealtaine 1969 (53 bliain d’aois)
Náisiúntacht Ríocht na hÍsiltíre
Gairm
Gairm imreoir sacair
Cur síos
Grúpaí Blianta I C
600px vertical White HEX-C7021D middle.svg Amsterdamsche Football Club Ajax1986-1993185103
Flag of None.svg Netherlands national under-21 football team1989-198920
Flag of the Netherlands.svg Netherlands national association football team1990-20007937
Flag of None.svg Football Club Internazionale Milano1993-19955211
600px Rosso Bianco e Blu con cannone dorato.svg Arsenal Football Club1995-200631587
 
Ionad nó speisialtacht ionsaitheoir
Meachán 80 kg
Airde 183 cm
Duaiseanna
Discogs ID 2941187

Is iar-imreoir sacair ón Ísiltír é Dennis Nikolaas Maria Bergkamp (a rugadh in Amstardam ar an 10 Bealtaine 1969). Tosaí ab ea é do Ajax, Inter Milan agus Arsenal.

Euro 1996

Ajax[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ghlac sé ballraíocht san chlub Ajax nuair a bhí sé aon bhliain déag d’aois. D’imir sé a chéad chluiche don fhoireann ghairmiúil Ajax nuair a bhí sé seacht mbliana déag d’aois. Bhuaigh sé

  • Chorn na hEorpa sa bhliain 1987,
  • an Eredivisie sa bhliain 1990 agus
  • an Corn UEFA sa bhliain 1992.

Bhí clubanna ar fud na hEorpa ag lorg Dennis Bergkamp tar éis an tréimhse a chaith sé ag imirt d’Ajax.

Milan[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ansin sa bhliain 1993 bhog sé go dtí an Iodáil chun imirt le Internazionale in Milan. Chaith sé dhá bhliain ag imirt d’Internazionale, ach níor éirigh go maith leis ann.

1989, Ajax

Arsenal[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’íoc Arsenal F.C. £7.5m as. Bhí sé i bhfad níos fearr ag imirt don fhoireann Arsenal ná Milan. Bhuaigh sé an príomhroinn faoi thrí (1997-98,2001-02,2003-040 agus an Corn FA ceithre uaire (1997-98, 2001-02, 2001-02, 2002-03, 2003-05). Bhí sé ina bhall de na “Invincibles an fhoireann Arsenal sa séasúr 2003-04 agus níor chaill siad cluiche amháin sa phríomhroinn ó thús deireadh na bliana.

Foireann náisiúnta na hÍsiltíre[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’imir sé don fhoireann náisiúnta na hÍsiltíre chomh maith. D’imir sé don chéad uair leis an bhfoireann sa bhliain 1990. D’imir sé i gcomórtas na hEorpa sa bhliain 1992.

D'imir sé sa Corn Domhanda sna Stáit Aontaithe i 1994. Sa chomórtas sin, fuair Dennis Bergkamp dhá cúil ach chaill an Ísiltír in aghaidh na Brasaíle ag an mbabhta cheathrú ceannais.

Chuaigh sé sna iomaíocht sa chomórtas Corn Domhanda sa bhliain 1998 sa Fhrainc chomh maith. Fuair sé cúl an-ghleoite agus tábhachtach in aghaidh na hAirgintíne sa bhabhta cheathrú ceannais. Shroich an Ísiltír an cluiche leath ceannais ach arís chaill siad in aghaidh na Brasaíle. Bhí ciceanna pionóis chun an comhrac a chur i gcrích.

Dennis Bergkamp statue.jpg

Ar scor[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’éirigh sé as an sacar sa bhliain 2006.

Ba leasbhainisteoir é d’fhoireann Ajax (2011-2017).

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]