Demyan Bedny
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (ru) Ефим Алексеевич Придворов 1 Aibreán 1883 (Iúlach) Gubivka, An Úcráin |
Bás | 25 Bealtaine 1945 62 bliana d'aois Moscó, An Rúis |
Áit adhlactha | Reilig Novodevichy |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Faculty of Philology of Saint Petersburg State University (en) |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Filíocht, litríocht agus iriseoireacht tuairimíochta |
Gairm | file, iriseoir, pearsa phoiblí, scríbhneoir, iriseoir tuairime |
Ball de pháirtí polaitíochta | Páirtí Cumannach an Aontais Shóivéidigh |
Ball de | |
Seánra | Véarsa, fabhalscéal agus iriseoireacht tuairimíochta |
Ainm cleite | Демьян Бедный |
Teangacha | An Rúisis |
Gairm mhíleata | |
Coinbhleacht | An Chéad Chogadh Domhanda |
Ghlac sé/sí páirt i | |
26 Iúil 1917 (Iúlach) | 6th Congress of the Russian Social Democratic Labour Party (en) |
Gradam a fuarthas | |
B'fhile Rúiseach Sóivéadach, bolscaire agus aorthóir é Yefim Alekseevich Pridvorov (Rúisis: Пфи́м Алексе́е евич Придво́́ров, 13 Aibreán 1883–25 Bealtaine, 1945), a bhfuil aithne níos fearr air leis an ainm cleite Demyan Bedny.
Beathaisnéis
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Yefim Pridvorov do theaghlach bocht i sráidbhaile Hubivka, in Oblast Kherson, san Úcráin sa lá atá inniu ann. Nuair a bhí sé seacht mbliana d'aois, thóg a athair é chun cónaí leis in Elisavetgrad, ach sé bliana ina dhiaidh sin, cuireadh é ar ais go dtí a sráidbhaile duchais chun cónaí lena mháthair "ar an anás ".[1] Nuair a bhí sé 14 bliana d'aois, chláraigh a athair é i gcoláiste oiliúna feldsher i gCív, agus ina dhiaidh sin ceithre bliana de sheirbhís mhíleata. Sa bhliain 1904 chuaigh sé isteach i ndámh na fealsúnachta agus na staire in Ollscoil Chathair Pheadair. Tharla go raibh a bhlianta ollscoile ann ag an am corraitheach céanna le Réabhlóid na Rúise, sa bhliain 1905; réabhlóid a d'aontaigh Pridvorov, cosúil le formhór na mac léinn eile, leis. Sa bhliain 1911, thosaigh sé a bheith foilsithe i nuachtáin chumannacha ar nós Pravda, agus sa bhliain 1912, chuaigh sé isteach i bPáirtí Sóisialta agus Daonlathach an Lucht Oibre sa Rúise (Boilséivigh). Chomh maith leis sin sa bhliain 1911, d'fhoilsigh sé an dán "О Демьяне Бедном" (Gaeilge:Faoi Demyan Bedny) rud a d'fhág go raibh an t-ainm sin air, agus thosaigh sé comhfhreagras príobháideach le Vlaidímír Leinín a dúradh go bhforbródh sé ina chairdeas pearsanta fadtréimhseach. Foilsíodh a chéad cnuasach san iris Basni (Gaeilge:Fabhalscéalta) i 1913. Le linn an Chéad Chogadh Domhanda, chonaic sé seirbhís arís mar oibrí paraimhíochaine (Rúisis;фельдшер) agus shaothraigh sé go leor gradam.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Bolsh'shaya Sovetskaya Entsiklopediya" (1927) 5: 171.