Deirmitíteas geirshileach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Craiceann atá ró-olúil de bharr faireog róghníomhach geireach is ea deirmitíteas geirshileach (nó deirmitíteas geir-ritheach, nó geiririth). Is faireoga iad seo a thálann ola nádúrtha a dtugtar geir uirthi. Bíonn cuma lonrach ar an gcraiceann is mothú gréisceach. Féadfaidh sé éirí ina dheirmitíteas geiriritheach, le paistí deargtha calógacha craicinn, ar an bplait de ghnáth, agus sail chnis de réir mar a chailltear na calóga.