Dealbhóireacht rilífe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Dealbhóireacht rilífe

Saghas dealbhóireachta ina bhfuil na foirmeacha ardaithe os cionn an chúlionaid, gan a bheith múnlaithe go hiomlán. I rilíf íseal, mar a bhíonn ar bhonn airgid, is ar éigin atá an dearadh os cionn an dromchla, ach i rilíf ard féadfaidh na figiúir a bheith ina seasamh, nasctha leis an dromchla ar éigin, mar a fheictear ar sharcófagais Rómhánacha is peidiméidí in an-chuid foirgneamh clasaiceach.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Dealbhóireacht rilífe". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 202.