Darú, Contae Laoise
Darú, Contae Laoise | ||||
---|---|---|---|---|
Darú (ga) | ||||
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Cúige Éireannach | Cúige Laighean | |||
Contae in Éirinn | Contae Laoise | |||
Tíreolaíocht | ||||
Airde | 95 m | |||
Eile | ||||
Logainm.ie | 1416674 | |||
Suíomh gréasáin | durrowvillage.com |
Is baile beag é Darú[1], ar a dtugtaí Darmhagh Ua nDuach tráth. Tá sé suite i ndeisceart Chontae Laoise i gCúige Laighean in Éirinn, ar bhóthar an R639 cois Uircín (craobh-abhainn de chuid na Feoire).
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Deirtear gur chuir Colm Cille mainistir ar bun san áit sa bhliain 546 A.D, ach is i gContae Uíbh Fhaili atá sé suite. Sa bhliain 1155 dhóigh slua Uí Lochlainn an eaglais i nDarmhagh-Ua-nDuach. Cuireadh baile de chuid na Normannach ar bun sa 13ú haois. Sa bhliain 1245 thug rí Shasana cead do Geoffrey de Turville, easpag Osraí ó 1244 go 1250, féile a chur ar bun sa tríú seachtan i mí Iúil, agus gach Déardaoin.
Sa bhliain 1659 bhí 105 teaghlach sa cheantar, a bhí faoi smacht muintir Urmhumhan. Tá eaglais Chaitliceach agus eaglais Phrotastúnach le fáil i mapa de chuid Sir William Petty ón mbliain 1685. Tugadh Darú do Chontae Chiill Chainnigh, ach sa bhliain 1846 thug Parlaimint na Breataine an ceantair do Chontae Laoise.
Bhí an-tionchar ag an MP William Flower Viscount of Ashbrook ar chruth an tsráídbhaile sa lá atá inniu ann. Thug diúc Urmhumhan an ceantar do “William Flower and his heirs, forever” ar an 19 Feabhra 1708.
Bhí stad do chóistí idir BÁC agus Corcaigh suite ag an Red Lion Hotel. Sa bhliain 1842 tháinig seirbhís laethúil Bianconi idir Mountmellick agus Cill Chainnigh i gcomharbas air.
Sa bhliain 1831 bhí 2911 duine ina gcónaí sa cheantar, agus 2977 sa bhliain 1841, de réir an daonáirimh. Bhí sé scoil sa sráidbhaile agus luaitear mar ‘small market and post village’ é.
Sa lá atá inniu ann oibríonn formhór mhuintir na háite i mbailte móra mar Chill Chainnigh agus Phort Laoise.
Sáisiún aimsire
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá stáisiún aimsire lonnaithe i nDarú. [1] Bunaíodh i mí na Bealtaine 2008 é. Davis ProVantage 2 Station atá ann.
Spórt
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá club de chuid CLG, Na Cláirsigh, sa cheantar, chomh maith le clubanna sacair agus iascaireachta.
Daoine
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chónaigh William Carrigan sa cheantar. Canónach agus staraí a bhí ann
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ “Darú/Durrow | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
Naisc
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Durrowvillage.com Curtha i gcartlann 2010-03-09 ar an Wayback Machine