Daniel Kritenbrink

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaDaniel Kritenbrink

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
27 Rúnaí Cúnta Stáit do Ghnóthaí na hÁise Thoir agus an Aigéin Chiúin
24 Meán Fómhair 2021 –
← Sung Kim
United States Ambassador to Vietnam (en) Aistrigh
Samhain 2017 – Aibreán 2021 Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Nebraska, Kearney
Ollscoil Virginia Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmtaidhleoir Cuir in eagar ar Wikidata

Is taidhleoir Meiriceánach é Daniel Joseph Kritenbrink[1] a bhí ina Rúnaí Cúnta Stáit do Ghnóthaí na hÁise Thoir agus an Aigéin Chiúin ó Mheán Fómhair 2021 i leith. Roimhe seo bhí sé ina Ambasadóir na Stát Aontaithe go Vítneam ó 2017 go 2021.

Oideachas[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’fhreastail Kritenbrink ar Ardscoil Ashland-Greenwood, Nebraska, sular ghnóthaigh sé Baitsiléir Ealaíon san eolaíocht pholaitiúil ó Ollscoil Nebraska ag Kearney agus Máistir Ealaíon ó Ollscoil Virginia.[2]

Gairmréim[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Kritenbrink ina bhall de Sheirbhís Eachtrach na Stát Aontaithe ó 1994 agus bhí poist shinsearacha aige sa Roinn Stáit agus i gComhairle Slándála Náisiúnta na Stát Aontaithe.[3]

Chríochnaigh sé go leor turais thar lear i mBéising, i dTóiceo, i Sapporo agus i gCathair Chuáit . I measc a thascanna i Washington bhí sé ina Chúntóir Foirne don Rúnaí Cúnta Stáit do Ghnóthaí an Neasoirthear agus ina Stiúrthóir Oifig Gnóthaí na Síne agus na Mongóile ag an Roinn Stáit. D’fhóin sé ansin mar Leas-Cheann Misean ag Ambasáid na SA i mBéising ó 2013 go 2015, agus ina Stiúrthóir Sinsearach um Ghnóthaí na hÁise ag an gComhairle Slándála Náisiúnta ó 2015 go 2017.[4]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • "Ambassador Daniel Kritenbrink warns security pact presents ‘potential regional security implications"[3]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. PN1085 — Foreign Service. https://www.congress.gov/nomination/114th-congress/1085
  2. "U.S. Ambassador to Vietnam: Who Is Dan Kritenbrink?"http://www.allgov.com/news?news=860289}
  3. "The Leaderboard: Daniel J. Kritenbrink"[1]
  4. "Daniel J. Kritenbrink " [2]