Daniel Greenberg

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaDaniel Greenberg
Beathaisnéis
Breith1965
58/59 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmabhcóide Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Teaghlach
MáthairGillian Greenberg (en) Aistrigh

Is dlíodóir Sasanach é Daniel Isaac Greenberg CB a ceapadh mar Choimisinéir Parlaiminte um Chaighdeáin (Parliamentary Commissioner for Standards) i dTeach na dTeachtaí sa Ríocht Aontaithe an 1 Eanáir 2023. Is aturnae é a dhéanann sainfheidhmiú ar an reachtaíocht agus ar an bpróiseas reachtach. Thug sé téarma i Roinn an Ard-Seansailéara (1988-1991), mar Abhcóide Parlaiminte (1991-2010), mar shainchomhairleoir ag Berwin Leighton Paisner LLP (2010-2016) agus mar Abhcóide um Reachtaíocht Intíre i dTeach na dTeachtaí (2016-2022). Ceapadh ina Chompánach d’Ord an Fholcadáin (Order of the Bath) (CB) é i Liosta Gradam an Rí don bhliain 2021 as an bhfónamh a rinne sé don Pharlaimint. Ina theannta sin, tá sé ina Eagarthóir Ginearálta ar Chiclipéid Reachtanna agus Topaicí Anótáilte (Annotated Statutes and Topics Encyclopaedia) Westlaw UK. Tá seirbhísí dréachtúcháin agus oiliúna i dtaobh reachtaíocht curtha ar fáil aige sa Ríocht Aontaithe agus ar fud an domhain ón mbliain 2010. Tá ina eagarthóir ar Craies on Legislation, ar Stroud’s Judicial Dictionary agus ar Jowitt’s Dictionary of English Law. D’fhoilsigh Thomson Reuters leabhar leis Laying Down the Law sa bhliain 2011. Ceapadh é chuig róil acadúla éagsúla agus tá ábhair spéise acadúla shonracha aige.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]