Dallamullóg

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharDallamullóg
Cineálúrscéal Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarEoghan Ua Conaill Cuir in eagar ar Wikidata
Teangaan Ghaeilge Cuir in eagar ar Wikidata
Foilseachán2020 Cuir in eagar ar Wikidata

Ba é an Eoghan Ua Conaill a scríobh an t-úrscéal seo Dallamullóg. Ciarraíoch é Eoghan a bhfuil cónaí air anois i Liatroim, D'fhoilsíodh roinnt dánta leis i Scríbhneoirí Cois Teorann le cúpla bliain anuas. Tá dearcadh dá chuid féin aige ar shaol na hÉireann, agus cloistear guth úr macánta ina chuid véarsaí. Is breá leis cúrsaí ceoil agus teangan, comhra agus íospóireacht. Is ríthabhachtach leis saoirse agus cearta an duine.

Cur síos ar an leabhar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a bhí an saol ina ghasúr, nuair ba ghannchuid carr, gan trácht ar tharracóir, nuair ba gheall le merc gach morris minor, buailimid le Brian ag tabhairt aghaidh siar ar an mbus ar chúrsa Gaeltachta. Más ait an mac an saol is tréithí ná sin an óige le linn cúrsa mar é, agus an braon crua ag imirt sa ghrágán ar na daltaí ann! Cuirfimid aithne sa saothar seo ar langer ón gcathair cois Laoi, Don, stócach ard ceannasach a threoródh scata buachaillí i leith tionscal an uisce bheatha le cúnamh dhiamhracht an tslua sí. Seo tráth a raibh an phiseogaíocht ina sea roimh ré rábach na haibhléise.

  • Clúdach: Eoghan Ua Conaill
  • An Comhlacht foilsitheoireachta Coiscéim a d’fhoilsigh an leabhar sa bhliain 2020 agus tá 233 leathanach ann.

Leabharliosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Sríobhneoirí Cois Teorann 1,2,3 agus a 4. (Coiscéim)
  • Coincheap Dímholta (Coiscéim, 2017)
  • Ó Bhéal Bhalbháin (Coiscéim , (2016)

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]