D1 agus D2

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
D1 agus D2

Córais taifeadta fístéipe a úsáideann teicníochtaí digiteacha in ionad teicníochtaí analógacha. Thug comhlacht Sony formáid D1 isteach i 1987, le riain dhifriúla don chomhartha lonrais is an comhartha crómanais ar théip 19 mm ar leithead, a rith ag 28.69 cm sa soicind. Mar mhalairt, thug comhlacht Ampex formáid D2 isteach i 1988, le comhartha ilchodach ar théip 19 mm le páirteagail mhiotalacha uirthi, ach ag rith ag 13.17 cm sa soicind (dhá oiread níos coigiltí, ar a laghad). Táirgeadh caiséid a rithfeadh ar feadh 32, 94 is 208 nóiméad.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "D1 agus D2". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 197.