Dún Richmond (músaem i mBaile Átha Cliath)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Dún Richmond
Íomhá
Sonraí
CineálBunáit mhíleata
Foirgníocht1810 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinBaile Átha Cliath, Éire
Map
 53°20′N 6°19′W / 53.34°N 6.32°W / 53.34; -6.32
Suíomh gréasáin oifigiúilrichmondbarracks.ie

Beairic airm ba ea Dún Richmond sna 1910idí agus 1920idí, i mbruachbhaile Inse Chór i ndeisceart Bhaile Átha Cliath, Bhí dlúthbhaint ag an séadchomhartha stairiúil seo le Saoirse na hÉireann.

Cuilt "77 Bean' ar taispeáint

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tógadh an dún sa bhliain 1910.

Sa bhliain 1916, tar éis na gcásanna géillte ba chúis leis an deireadh le hÉirí Amach 1916, baineadh úsáid as Dún Richmond mar an t-ionad coinneála do níos mó ná 3,000 fear agus bean a rabhthas den bharúil gur ghlac siad páirt san Éirí Amach.[1] Sórtáladh na príosúnaigh ina ngrúpaí i spórtlann an fhoirgnimh ionas go bhféadfadh na húdaráis na ceannairí a aithint agus cinneadh a dhéanamh i dtaobh pionóis oifigiúla.

Ligeadh cuid acu amach ach gearradh pionós dian ar dhaoine eile. Má bhíothas den bharúil go raibh príosúnach ina reibiliúnach, cuireadh go campa príosúin é – i Sasana, sa Bhreatain Bheag, nó i dTuaisceart Éireann go minic. Cuireadh sínitheoirí an Fhorógra chun báis toisc go rabhthas den tuairim gurbh iadsan na daoine ba mheasa de lucht an Éirí Amach. Ba i nDún Richmond a ghearr arm na Breataine pionós ar na mílte Éireannach agus iad meáite ar dhíoltas a bhaint amach.

Reáchtáladh an chéad armchúirt i leith cheannairí an Éirí Amach i nDún Richmond ar an 2 Bealtaine 1916. Cuireadh chuig Príosún Chill Mhaighneann iad ní b’fhaide anonn lena gcur chun báis. Bhí Pádraig Mac Piarais, Tomás Mac Donnchadha agus Tomás Ó Cléirigh ar an gcéad dream sin ar cuireadh pianbhreith orthu.

Músaem[cuir in eagar | athraigh foinse]

Osclaíodh an dún mar Mhúsaem go hoifigiúil an 2 Bealtaine 2016. Is dáta é sin a tháinig leis an gcomóradh céad bliain ar an gcéad armchúirt i leith cheannairí an Éirí Amach, a reáchtáladh ar an suíomh céanna.

Rinne Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath athfhorbairt ar an Ionad Cuairteoirí nua mar chuid de Chlár Comórtha Céad Bliain Éire 2016. Osclófar é don phobal i mí an Mheithimh 2016 mar áis idirghníomhach ilmheáin do thurasóirí, ina ndéanfar scéal an tsuímh a rianú.

Cuairteanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an tIonad Cuairteoirí nua i nDún Richmond ina acmhainn iontach do mhuintir na háite agus do thurasóirí araon, agus do dhuine ar bith a bhfuil spéis acu sa stair. Tá seomra tae nua agus gairdín tírdhreachaithe le haghaidh machnaimh ann freisin. Inniu tá Reilig an Droichid Órga, atá in aice láimhe, sna turais phoiblí ar Dhún Richmond freisin.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. ireland2016.gov.ie (2018-03-06). "Richmond Barracks opens doors to the past | Ireland 2016". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-03-06. Dáta rochtana: 2021-07-14.