Dúbláil an chiúib
Cuma
Fadhb chlasaiceach sa mhatamaitic, ciúb a thógáil de thoirt atá dhá oiread toirt ciúib ar leith, gan ach rialóir is compáis a úsáid mar uirlisí chun taobh an chiúib nua a chinneadh. Tá matamaiticeoirí ag plé léi ón 5ú céad RC, ach níor cruthaíodh gur fadhb dho-dhéanta í go dtí an 19ú céad. Saothraíodh tuilleadh cruthuithe ar a dodhéantacht le teicníochtaí nua-aoiseacha na grúptheoirice.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Dúbláil an chiúib". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 226.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |