Díbirt Thataraigh na Crimé

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtDíbirt Thataraigh na Crimé
Íomhá
Cineáldíbirt de Crimean Tatars in the Soviet Union (en) Aistrigh
imirce éigeantais
glanadh eitneach Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse18 - 20 Bealtaine 1944
SuíomhAn Chrimé Cuir in eagar ar Wikidata
TírAn tAontas Sóivéadach Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
Líon básannaluach anaithnid Cuir in eagar ar Wikidata

Ba é Díbirt Thataraigh na Crimé (Tatairis: Qırımtatar halqınıñ sürgünligi, Choireallach: Къырымтатар халкъынынъ сюргюнлиги) nó an Sürgünlik (deoraíocht), an glanadh eitneach agus cinedhíothú cultúrtha a chuir na húdaráis Sóivéadacha i ngníomh in aghaidh phobal Tatarach na Crimé sa bhliain 1944, le linn an Dara Cogadh Domhanda.

Dhíbir Stalin an pobal ar fad, breis agus 190,000 duine go lár na hÁise. Chuir sé ina leith gur chomhoibrigh siad leis na Naitsithe, in ainneoin gur throid níos mó Tatarach leis an arm Sóivéadach ná mar a throid leis na Gearmánaigh.[1]

Tatars a díbríodh, abhainn Yazva, 1948

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuimneachán in Yalta inniu

Bhí an APSS ag an am ag iarraidh bealach isteach chuig an Dardainéil.a gabhadh. Bhí an rialtas amhrasach faoi phobal Tatarach na Crimé, pobal Moslamach a bhí ag labhairt teanga Thuircice. Mar sin, bhí na Tataraigh ar cheann de na heitneachtaí éagsúla, ar imeall an APSS, a bhí faoi réir bheartas Stalin maidir le haistriú daonra san Aontas Sóivéadach.[2]

Imeachtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar 10 Bealtaine 1944, mhol Lavrentiy Beria, i mbun an NKVD ag an am, D-díbirt Thataraigh na Crimé. Cúpla lá níos déanaí, d'eisigh Iósaf Stailín Ordú GKO Uimhir 5859ss.

Díbríodh ar a laghad 191,044 Tatarach Criméach ó 18 go 20 Bealtaine 1944. Laistigh de trí lá, bhain an NKVD úsáid as traenacha eallaigh chun mná, leanaí, agus daoine scothaosta den chuid is mó, fiú baill den Pháirtí Cumannach agus baill den Arm Dearg, a dhíbirt. Seoladh iad go dtí PSS na hÚisbéiceastáine den chuid is mó, roinnt mílte ciliméadar ar shiúl.

Mheas taighdeoirí Tataracha, sna 1960idí, go bhfuair breis agus leath na ndaoine a díbríodh bás. D’admhaigh na Sóivéadaigh iad fhéin go bhfuair 30,000 bás sa dá bhliain tar éis a ndíbeartha.[1]

Iarmhairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

I mí Meán Fómhair 1967, d’aithin an tAontas Sóivéadach go raibh an tslí ar caitheadh leis an bPobal Tatarach ‘míréasúnta’.

Ghlac parlaimint na hÚcráine le rún in 2015 ag aithint gur chinedhíothú dá bhí i ndíbirt na dTatarach i 1944.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Fachtna Ó Drisceoil (31 Lúnasa 2023). "Tá ‘bráithreachas fola’ anois idir na Tataraigh agus na hÚcránaigh…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-08-31.
  2. "De-Tatarization of Crimea" (as en) (2023-07-28). Wikipedia.