Déthonúlacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard is déthonúlacht[1] ann ná tréith ceoil a scríobhtar in dhá ghléas ag an am céanna. Thaitin na díshondais a tharlaíonn sa cheol seo leis an ngrúpa cumadóirí Francacha ar tugadh Les Six (an Seisear) orthu: Darius Milhaud, Francis Poulenc, Arthur Honegger, Georges Auric, Louis Durey, Germaine Tailleferre. Ba dhearg-naimhde iad do cheol rómánsach maisithe Wagner, Strauß is Debussy go luath sa 20ú céad.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “déthonúlacht” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-03-13.
  2. Hussey, Matt (2011). "Déthonúlacht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 208.