Déshúileach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ionstraim formhéadaithe optúil le húsáid leis an dá shúil le chéile is ea déshúileach. Ainm eile air is ea cianghloiní. Bíonn dhá chóras optúla ann is iad nasctha go comhthreomhar le chéile: i ngach ceann acu dhá lionsa dhronnacha, súilphíosa is réadlionsa, chomh maith le priosma chun an fhrithne a dhéanamh ceartdíreach. Déantar fócasú tríd an bhfad idir an dá lionsa ar an dá thaobh a athrú. I gcuid de na hionstraimí (gloiní amharclainne, mar shampla), úsáidtear súilphíosa cuasach chun íomhá cheartdíreach a déanamh gan phriosmaí.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Déshúileach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 208.