Jump to content

Déchont

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoDéchont
Bikonta Cuir in eagar ar Wikidata

Radiolaria Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
FofhearannBikonta Cuir in eagar ar Wikidata
Colin Atkinson, 1993

Is cill eocarótach[1] dé-lascaideach é an Déchont. [2]

Déanann an déchont dhá ghéin a chomhtháthú in aonad amháin: códaíonn dhá géin, sinteáis thímidiláite agus dí-ocsaídeáis dhéhidreafóláite, próitéin dhé-fheidhmeach (Cavalier-Smith, 2006).

Aistríonn an t-aonchont (Cill (bitheolaíocht) eocarótach aon-lascaideach) géinte faoi seach.

Rinneadh taighde a thabharfadh le fios gur ón aonchont a d'eascair na hAipisteachoint (ainmhí, fungais agus a leithéidí).[3] agus aiméibí, agus gur ón déchont a d'eascair Archaeplastida (plándaí agus a ngaolta), [4] Excavata, Rhizaria, agus Chromalveolata. Thug an t-eolaí Cavalier-Smith le tuiscint gur déchoint iad na Apusozoa agus nach incertae sedis iad.

Ní léir go fóill cén gaol atá ag na déchoint le chéile. Deir Cavalier-Smith go mbaineann Excavata agus Rhizaria leis na Cabozoa agus Archaeplastida agus Chromalveolata le Corticata, ach cuireann staidéar amháin eile ar a laghad in iúl go mbaineann Rhizaria agus Chromalveolata le haon chraobh amháin.[5]

  1. Eocarót: orgánach a bhfuil a chuid DNA le fáil istigh in eithne sna cealla
  2. Dé + κοντός (kontós, “cleith (maidir leis an lascaid)”): féach freisn http://en.wiktionary.org/wiki/opisthokont.
  3. Ón nGréigis: οπίσθω- (opísthō-, “deiridh”) + κοντός (kontós, “cleith” (i ngeall ar an lascaid)): féach http://en.wiktionary.org/wiki/opisthokont.
  4. Ón nGréigis: αρχαίος (archaíos - "sean") + πλαστός (plastós - "múnlaithe"): féach http://comenius.susqu.edu/bi/202/ARCHAEPLASTIDA/default.htm[nasc briste go buan].
  5. Burki F, Shalchian-Tabrizi K, Minge M, Skjæveland Å, Nikolaev SI, et al. (2007). "Phylogenomics Reshuffles the Eukaryotic Supergroups". PLoS ONE 2 (8: e790): e790. doi:10.1371/journal.pone.0000790. 
  • Thomas Cavalier-Smith (2006). "Protist phylogeny and the high-level classification of Protozoa". European Journal of Protistology 39 (4): 338–348. doi:10.1078/0932-4739-00002. 
  • Alexandra Stechmann and Thomas Cavalier-Smith (2003). "The root of the eukaryote tree pinpointed". Current Biology 13 (17).