Dé-óid thollánach
Cuma
Comhchumar leathsheoltóra ina mbíonn na leathsheoltóirí dópáilte go tiubh ionas go mbíonn an crios comhchumarach an-tanaí ar fad. Tarlaíonn an cliseadh ag voltas beag cúl-laofachta, agus níl aon raon ina bhfuil an fhriotaíocht cúl-laofachta an-ard. Bíonn friotaíocht dhiúltach aici thar chuid dá raon feidhmithe, agus úsáidtear í in aimplitheoirí is ascaltóirí ardmhinicíochta.
Leo Esaki a cheap an dé-óid thollánach sa bhliain 1957 agus é ag obair le Tokyo Tsushin Kogyo (ar a dtugtar Sony anois).[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Dé-óid thollánach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 207.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |