Dátú varbh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Modh chun aois na sceallaí Pléistiséineacha a dhéanamh amach. 2 mhilliún - 10,000 bliain ó shin, díreach roimh dheireadh na móroighearaoise seo caite, a bhí an ré Phléistiséineach ann. Trí na cisil (na vairbh) i bhfosuithe míne ar bhun locha a chomhaireamh a dhéantar an dátú. Leagadh síos na vairbh seo ag an uisce a rith amach as na hoighearshruthanna, agus tharla na vairbh de bharr ailtéarnú an ábhair mhín is an ábhair ghairbh ó gheimhreadh go samhradh gach bliain.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Dátú varbh". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 201.