Dáibhí de Barra

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaDáibhí de Barra
Beathaisnéis
Breith1758
Carraig Thuathail Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1851
92/93 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnEaglais Chaitliceach Rómhánach
Gníomhaíocht
Gairmfile, feirmeoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Feirmeoir agus scríbhneoir ba ea Dáibhí de Barra (Dáibhí Do Barra) (c.1758–1851).[1]

I gCarraig Thuathail i gContae Chorcaí a rugadh é, agus fuair sé scolaíocht i scoil scairte. D’fhan sé ina cheantar dúchais ar feadh a shaoil, agus bhí sé ar dhuine den bheagán a bhí ag saothrú an phróis i nGaeilge sa 19ú haois. Bhain sé a fheidhm féin as stíl spleodrach na seanscéalta agus bhí sé in ann píosaí filíochta a chumadh mar mhaise ar an bprós. Scríobh sé Páirliament na bhFíodóirí agus Corraghliocas na mBan Léirmhúinte, in éineacht le cuntas bríomhar ar eachtra de chuid Chogadh na nDeachúna.

Thit an eachtra sin amach ar 3 Meitheamh 1833. Rinne na húdaráis iarracht ar dheachúna a bhailiú le cabhair ó dhíorma saighdiúirí agus póilíní, ach tháinig slua le chéile agus chuir ina gcoinne le bataí agus clocha. Chosain lucht bailithe na ndeachúna iad féin le gunnaí ach maraíodh saighdiúir de thimpiste, agus bheartaigh an rialtas ar éirí as an ngnó. Ag seo sliocht as cuntas de Barra, agus lorg a chanúna féin air:

Agus do chuir Seághan an Mhála [an báille] a dhó nó a thrí do phrósiasuíghe a bhfeidhm a cciúmhais an bhaile sal do mhothaig an sluagh Gaodhalach é, óir do bhí osgal talmhan mar a rabhadar na tighthe. Agus gluaisid ansin riompa an tráig soir ag cur a ngnótha chum cínn, gur tharla drong de na Catolice leó, agus adubhradar leó gan teacht ní bhus fuide ós air tí díthe agus díthbhála [do] dhéanamh bhádar, gur éirghidh imreasán eatorrtha dá haithle, ionnas gur bhuail Séamas Ó Síocháin .i. glasgharsún, pléasg do chloich air oifigioch Gallda gur thit fá thalamh gan mheabhair gan raésún ag tonna fola tar bhéaluibh a lot. Agus do ghabhag an garsún leó air sin, agus tháinig an leómhan acfuinneach lánchíocrach .i. Pilib Ó Seathchána ó Chúirt an Bharraig agus dronga eile mar aon leis agus beirid air an ngarsún agus gabhaid dá tharraint ó chéile gur bhaineadar don arm Gallda é, garab ann do bhuail fear ón íarthar buille trom tuirteamhail don bhata chruaig faoínse do bhain as a rámhainn le haig an chatha air pheeléir do bhí ag déanamh iomarca cleas ag íarr[aidh] prósios do chur asteach a ttigh ann, gur theilg naoi ccéimionna le fána na trágha é, gur fhan ann sínte ag tabhairt a chuid fola.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ó Cuív, Brian: ‘A contemporary account in Irish of a nineteenth-century tithe affray,’ Proceedings of the Royal Irish Academy, 1960-62, Vol. 61. Hodges, Figgis & Co., Ltd.. Dublin.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]