Tréith chúlaitheach
Cuma
(Athsheolta ó Cúlú (géinitic))
Sa ghéinitic, tréith a éiríonn follasach nuair a fhaigheann an indibhid dhá chóip de na hailléilí cosúla nó comhionnana. Ní ceart an téarma a lua maidir le géinte ná ailléilí. I ngalair ghéiniteacha dhaonna atá uathsómach cúlaithe (cosúil le fiobróis chisteach), féadfaidh gach tuismitheoir gan siomptóim aon ailléil athruithe a thabhairt ar aghaidh dá bpáiste go bhfaighidh an páiste an neamhord. I ngalair chúlaithe X-nasctha, féadfaidh an mháthair gan siomptóim X-ailléil athruithe a thabhairt ar aghaidh dá mac, le X-chrómasóm amháin, go bhfaighidh sé an neamhord.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Cúlú". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 194.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |