Cóma
Cuma
Is é an rud is cóma[1] ann ná staid mar a fhágtar duine gan aithne gan urlabhra, nach féidir a mhúscailt aisti. Éiríonn feidhmeanna na hinchinne níos laige de réir a chéile, ach leanann na gníomhaíochtaí riachtanacha riospráide agus bualadh an chroí ar aghaidh. Is féidir go dtarlóidh a leithéid mar thoradh ar thráma don inchinn, meiningíteas, ródháileog alcóil nó drugaí a ghlacadh, nó neamhoird mheitibileachta cosúil le teip dhian na nduán is an ae agus aimhréidh diaibéitis.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““cóma” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-06-24.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Cóma". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 162.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |