Céileantráit
Cuma
Coelenterata | |
---|---|
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Holozoa |
Ríocht | Animalia |
Luach ar iarraidh | Coelenterata Hatschek, 1888 |
Ainmhí simplí ilcheallach le plean colainne ina bhfuil dhá phríomhchiseal scartha ag ciseal ábhair gheilitínigh. Is annamh a fhaightear iad i bhfionnuisce, agus is muirí an chuid is mó díobh, ach is feoiliteach iad uile. Bíonn siméadracht ghathach ag an gcuid is mó díobh. Bíonn cealla loiscneacha acu chun creach a ghabháil, agus mar chosaint. De ghnáth cuimsíonn timthriall na beatha dhá phas, polaip ghreamaithe a fhéadfaidh a bheith aonarach, agus meadúsa teasc-chruthach. Cuimsíonn siad na coiréil, an bundún leice, agus na smugairlí róin.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Céileantráit". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 126.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol ainmhí é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |