Céaslaire
Ainm gearr | 1x |
---|---|
Saintréithe teicniúla | |
Cineál | sculler (en) |
Díláithriú | 14 kg (íosmhéid) |
Fad | 8.2 m (empirical value (en) ) |
Bád is ea céaslaire, ina bhfuil dhá rámh ag gach rámhaí, rámh an duine ar gach aon taobh den bhád.[1] Sa rámhaíocht Oilimpeach, bíonn comórtas céaslaire aonair, comórtas céaslaire beirte agus comórtas céaslaire ceathrair.
Gaiscí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhuaigh Fintan McCarthy agus Gary O'Donovan bonn óir sa gcomórtas céaslaire (bád beirte) ag Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh ar 29 Iúil 2021. Sé nóiméad, sé shoicind a thóg sé ar an mbeirt fhear as an Sciobairín an rás a chríochnú.[2] Thug foireann na Gearmáine dúshlán na nÉireannach sa rás ceannais ach léirigh O’Donovan agus McCarthy a gcumas sa dara cuid den rás chun críochnú 0.86 soicind chun tosaigh ar bheirt na Gearmáine.[3] Ba iad na hÉireannaigh rogha láidir na coitiantachta i dTóiceo tar éis dóibh Craobhacha na hEorpa agus an Domhain a bhuachan sna blianta 2016-2019.[3]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ""céaslaire"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2021-08-11.
- ↑ Nuacht RTÉ (2021-07-29). "Tóiceo 2020: Bonn óir buaite ag Paul O'Donovan, Fintan McCarthy" (as ga).
- ↑ 3.0 3.1 Pádraic Ó Ciardha (2021). "Gaisce déanta ag O’Donovan agus McCarthy agus bonn óir buaite acu d’Éirinn sa rámhaíocht" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-08-11.