Céaslaire

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí SoitheachCéaslaire
Ainm gearr1x Cuir in eagar ar Wikidata
Saintréithe teicniúla
Cineálsculler (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Díláithriú14 kg (íosmhéid) Cuir in eagar ar Wikidata
Fad8.2 m (empirical value (en) Aistrigh) Cuir in eagar ar Wikidata
Céaslaire aonair

Bád is ea céaslaire, ina bhfuil dhá rámh ag gach rámhaí, rámh an duine ar gach aon taobh den bhád.[1] Sa rámhaíocht Oilimpeach, bíonn comórtas céaslaire aonair, comórtas céaslaire beirte agus comórtas céaslaire ceathrair.

céaslaire beirte
céaslaire ceathrair.

Gaiscí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhuaigh Fintan McCarthy agus Gary O'Donovan bonn óir sa gcomórtas céaslaire (bád beirte) ag Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh ar 29 Iúil 2021. Sé nóiméad, sé shoicind a thóg sé ar an mbeirt fhear as an Sciobairín an rás a chríochnú.[2] Thug foireann na Gearmáine dúshlán na nÉireannach sa rás ceannais ach léirigh O’Donovan agus McCarthy a gcumas sa dara cuid den rás chun críochnú 0.86 soicind chun tosaigh ar bheirt na Gearmáine.[3] Ba iad na hÉireannaigh rogha láidir na coitiantachta i dTóiceo tar éis dóibh Craobhacha na hEorpa agus an Domhain a bhuachan sna blianta 2016-2019.[3]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. ""céaslaire"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2021-08-11.
  2. Nuacht RTÉ (2021-07-29). "Tóiceo 2020: Bonn óir buaite ag Paul O'Donovan, Fintan McCarthy" (as ga). 
  3. 3.0 3.1 Pádraic Ó Ciardha (2021). "Gaisce déanta ag O’Donovan agus McCarthy agus bonn óir buaite acu d’Éirinn sa rámhaíocht" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-08-11.