Cursas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cursas ag Stonehenge, Wiltshire
Foirceann Chursas Dorset ag Thickthorn Down, Dorset

Struchtúir Neoiliteacha cosúil le díog nó clais is ea na cursais a fhaightear sa Bhreatain Mhór agus in Éirinn.[1] Léiríonn na hiarsmaí a fuarthas laistigh gur tógadh iad idir 3400 agus 3000 R.Ch., rud a fhágann go bhfuil siad i measc na struchtúr cuimhneacháin is sine ar na hoileáin. Mhol William Stukeley, an t-ársaitheoir, an t-ainm cursus sa bhliain 1723, a chuir cursas Stonehenge i gcomparáid le rásraon carbad, nó circus na Rómhánach.[2]

D'fhéadfadh na cursais bheith 46 m go beagnach 9.7 km ar fad. Féadfaidh an fad idir na créfoirt comhthreomhara a bheith suas le 91 m. Is féidir leis an achar idir na oibreacha créafóige comhthreomhara bheith suas le 91 m. Timpeallaíonn claonáin ag na foircinn an cursas. Aithníodh os cionn caoga acu trí aer-ghrianghrafadóireacht agus is cinnte gur chuir feirmeoireacht agus gníomhaíochtaí eile go leor gnéithe eile ó mhaith.

Is sampla suntasach é Cursas Stonehenge, laistigh de radharc liagchiorcail Stonehenge níos cáiliúla. Samplaí eile is ea na ceithre chursas ag Rudston i Yorkshire, an ceann sin ag Fornham All Saints i Suffolk, an Cleaven Dyke i Siorrachd Pheairt agus Cursas Dorset. Tá Cursas Bures agus cursas Metlands i mBures St Mary, Suffolk, agus braitheadh iad ó bharrachomharthaí. Tá siad suite díreach os cionn na tuilemhá ar bhruach thuaidh na habhann Stour, Suffolk. Ar an 21 Nollaig gach bliain éiríonn an ghrian os cionn Lodge Hills, Wormingford, agus lonraíonn sí anuas fad an cursais Metlands.

Feidhm[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tynwald Hill, Oileán Mhanann

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. McOmish, 1999
  2. The Stour Valley: a Prehistoric Landscape, Colchester Archaeological Group