Cumhacht tochrais

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Córas a stórálann fuinneamh daonna i bhfoirm mheicniúil nó leictreach agus a scaoileann amach é mar obair dhéanta ar bhealach a rialaítear thar thréimhse ama, cosúil le clog traidisiúnta. Foirm mheicniúil is ea sprionga bíseach, ar féidir é a thochras agus ansin fuinneamh a scaoileadh as chun obair a dhéanamh go rialta. Foirm leictreach is ea dineamó, ar féidir é a thochras agus fuinneamh leictreach a ghiniúint is a stóráil i mbataire in-athluchtaithe: is féidir lampa a lasadh nó raidióríomhaire a rith an fad is atá an bataire luchtaithe.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Cumhacht tochrais". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 195.