Cumann na Sagart

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaCumann na Sagart
Sonraí
Cineáleagraíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1 Feabhra 1916

Suíomh gréasáincumannnasagart.ie Cuir in eagar ar Wikidata

Is eagraíocht í Cumann na Sagart a bhfuil d'aidhm aici aitheantas a thabhairt d'áit na Gaeilge i gcúrsaí creidimh agus spioradáltachta san Eaglais in Éirinn. Tá sagairt i ngach deoise sa tír, beagán de lucht na beatha cráifí agus roinnt tuataí ina mbaill de Chumann na Sagart, agus bíonn fáilte roimh baill an phobail Anglacánaigh.

Stair na hEagraíochta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bunaíodh an Cumann ar an 1ú Feabhra, 1916 de bharr rún a ritheadh ag cruinniú de Aontas Mhánuat (“Maynooth Union”) faoin ainm Cumann na Sagart nGaedhalach mar pháirt den Aontas, ach in imeacht aimsire d’éirigh sé neamhspleách, ag fágáil ‘nGaeladhach’ as an teidil. Ba é ba aidhm leis an gCumann úsáid na Gaeilge a chur chun cinn i measc sagart, agus freisin eolas agus tuiscint ar na traidisiúin deabhóide agus creidimh a bhain leis an gcreideamh in Éirinn a fhorbairt.

Ar feadh na mblianta rinne an Cumann iarracht an aidhm seo a chur i gcrích trí cúrsaí Gaeilge do shagairt agus ábhair sagairt a chabhródh leo obair thréadach na hEaglaise a dhéanamh trí Ghaeilge sa nGaeltacht, nó do dhaoine ar bith ar theastaigh an tseirbhís sin uatha; trí suim a mhúscailt san saibhreas spioradálta atá le fail i stair, béaloideas, litríocht agus i ndúchas an chreidimh. Cuimhnigh gur i nGaeilge agus trí Ghaeilge amháin a mhair an creideamh anseo ar feadh ceithre aois déag den sé aois déag de shaol an chreidimh in ár measc, agus san dá aois eile go bhfuil an Ghaeilge beo agus bríomhar fós i measc pobal na Gaeilge. Bíonn tionól staidéir ar siúl chuile bhliain ag an gCumann; foilsítear leabhra spioradálta, urnaí agus teagaisc gach bliain, agus tá na Leabhra Liotúirgeacha á solathar de réir mar bhíonn siad ag teastáil.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

http://www.cumannnasagart.ie/ Curtha i gcartlann 2012-08-30 ar an Wayback Machine