Cumann Litríochta na Fionlainne
| Sonraí | |
|---|---|
| Cineál | cumann léinn foilsitheoir leabhar eagraíocht |
| Réimse oibre | litríocht agus an Fhionlainnis |
| Teanga oifigiúil | an Fhionlainnis |
| Foirm dlí | cumann cláraithe |
| Stair | |
| Dáta a bunaíodh | 1831 |
| Gníomhaíocht | |
| Ball de | FinELib Finnish Association for Scholarly Publishing (en) Federation of Finnish Learned Societies (en) |
| Rialachas corparáideach | |
| Ceanncheathrú | |
| Suíomh gréasáin | finlit.fi |
Is éard atá i gceist le Cumann Litríochta na Fionlainne, nó Suomalaisen Kirjallisuuden Seura ná cumann léinn agus cultúir a mbíonn foilsitheoireacht idir lámhaibh aige chomh maith. Tá sé de chuspóir ag an gCumann oidhreacht chultúrtha na Fionlainne a chur i míotar, a thaighde agus a scaipeadh. Tá ceanncheathrú an Chumainn suite i Heilsincí, i dteach uimhir a haon chois na sráide úd Hallituskatu.
Iad siúd a bhunaigh an Cumann sa bhliain 1831, bhí baint acu le hOllscoil Heilsincí, agus iad ag iarraidh an Fhionlainnis a athbheochan mar theanga liteartha agus mar sheoid náisiúnta. Ba é an file Elias Lönnrot, eagarthóir na heipice náisiúnta Kalevala, a cheap an focal úd kirjallisuus ("litríocht") le haghaidh ainm an Chumainn (murach é, is dócha go mbeadh an focal "literatuuri" in úsáid san Fhionlainnis).