Cumann Gaelach na hEaglaise
Cuma
| Sonraí | |
|---|---|
| Cineál | eagraíocht neamhbhrabúis |
| Stair | |
| Dáta a bunaíodh | 1914 |
| Bunaitheoir(í) | Neilí Ní Bhriain agus George Annesley Ruth |
| Rialachas corparáideach | |
| Líon fostaithe | 1 (2022) |
| Táscaire eacnamaíoch | |
| Ioncam iomlán | 53,066 € (2022) |
| Sócmhainní iomlána | 92,387 € (2022) |
| Suíomh gréasáin | gaeleaglais.ie |
Is é Cumann Gaelach na hEaglaise an cumann fá choinne úsáid agus cothú na Gaeilge in Eaglais na hÉireann. Bunaíodh Cumann Gaelach na hEaglaise sa bhliain 1914 chun:
- meon na Sean-Eaglaise Ceiltí a choimeád beo in Eaglais na hÉireann agus baill na hEaglaise a chuireann spéis sa Ghaelachas a bhailiú le chéile,
- úsáid na Gaeilge a leathnú san Eaglais
- iomainn agus ábhar diaga eile a bhailiú ó litríocht na Gaeilge agus
- ceol agus ealaíon Éireannach a chur ar aghaidh in imeachtaí na hEaglaise