Cumann Ailse na hÉireann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaCumann Ailse na hÉireann
Sonraí
Cineáleagraíocht neamhbhrabúis Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1963
Bunaitheoir(í)Austin Darragh Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
Táscaire eacnamaíoch
Ioncam iomlán21,949,000 € (2020) Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáincancer.ie… Cuir in eagar ar Wikidata

Eagraíocht charthanachta is ea Cumann Ailse na hÉireann, nó Irish Cancer Society,[1] a bunaíodh sa bhliain 1963.[2]

Gníomhaíochtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ceanncheathrú, 43/45 Bóthar Northumberland, Baile Átha Cliath. D04 VX65

Baineann daoine úsáid as na seirbhísí tacaíochta de chuid Chumann Ailse na hÉireann, mar shampla altraí ailse nó seirbhísí ar nós cúram ospíse.[3] Tá comhoibriú ar bun idir Seirbhísí Ailse áitiúla timpeall na tíre agus Cumann Ailse na hÉireann maidir le seirbhísí tacaíochta a sholáthar do othair le hailse.[4]

Tá seirbhís eolais ar chúrsaí ailse ag Cumann Ailse na hÉireann. Bíonn réimse leathan eolais á scaipeadh ag an eagraíocht ar chuid mhór bealaigh (i mBéarla), ina measc, ar shuíomh ghréasán agus ar chuntas Twitter na heagraíochta, tré bhileogaí eolais agus a leithid.[5]

Is seirbhís eolais na Lárionaid Lus an Chromchinn.[6] Cuireann siad réimse leathan eolais ar fáil go háitiúil do dhuine ar bith a bhfuil ailse air/uirthi. Chomh maith le seo, déantar eolas fóirsteanacha a sholáthar fosta, daofa sin a bhfuil buairt no buaireamh orthu fá chúrsaí ailse. Tá altra ailse lánaimseartha, chomh maith le baicle oibrithe deonacha lonnaithe sna Lárionaid seo agus tá siad ar fáil ar bhonn leanúnach le ceisteanna a fhreagairt, le eolas agus tacaíocht a sholáthar do dhaoine le hailse, agus dá dteaghlaigh.[5]

Lá Lus an Chromchinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Lus an Chromchinn

Bailítear go leor airgid do sheirbhísí ailse gach bliain le linn Lá Lus an Chromchinn.[7] Is iondúil go mbíonn oibrithe deonacha an Chumainn Ailse amuigh ar shráideanna na hÉireann ó cheann ceann na tíre ar an lá seo agus iad ag bailiú airgid ar son an Chumainn.[8] Ceannaítear lusanna an chromchinn, stocaí, tuáillí, suaitheantais, cnaipí agus ábhar eile, agus feictear na mílte daoine agus na bláthanna beaga buí ar a mbrollach.

Relay for Life / Sealaíocht don Bheatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é Sealaíocht don Bheatha na ceiliúradh pobail, thar oíche, a mhaireann 24 uair. Ócáid speisialta a thugann cumhacht agus dóchas í agus imeacht spraoí fosta. Ag croílár na sealaíochta tá an deis chun ceiliúradh a dheanamh ar mharthanóirí ailse agus cuimhneamh a dheanamh ar an Mhuintir a chaill an cath leis an ghalair.[9]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. cancer.ie. "Suíomh". Dáta rochtana: 2021.
  2. mar "Conquer Cancer Campaign' le Dr Austin Darragh, dochtúir ginearálta
  3. "Airgead á bhailiú ag bean Ghaeltachta ar mhaithe le seirbhísí ailse < Meon Eile". www.meoneile.ie. Dáta rochtana: 2021-03-26.
  4. "Nuacht an Tuaiscirt: 11 Meán Fómhair" (ga). RTÉ Raidió na Gaeltachta (2019-09-11). Dáta rochtana: 2021-03-26.
  5. 5.0 5.1 Goitseǃ (Feabhra 2014). "Uafás na hailse". Dáta rochtana: 2021.
  6. "Daffodil Centres" (en). Irish Cancer Society (2020-01-19). Dáta rochtana: 2021-03-26.
  7. Eimear Nig Oireachtaigh (2021). "Gaeilge le Eimear, ar RnaG". Dáta rochtana: 2022.
  8. NÓS. "Spéis ollmhór i Lá ‘Digiteach’ Lus an Chromchinn" (en-US). NÓS. Dáta rochtana: 2021-03-26.
  9. cancer.ie. "Scéalaíocht don Bheatha". Dáta rochtana: 2022.