Culicidae

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoCulicidae Cuir in eagar ar Wikidata
Mosquito on human skin.jpg
Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamArthropoda
RangInsecta
OrdDiptera
ForfhineCulicoidea
FineCulicidae Cuir in eagar ar Wikidata
Meigen, 1818

Is fine na muiscítí é Culicidae, fine ina bhfuil timpeall is 3,600 speiceas. Is cuileog bheag chaol le próboscas polltach é an mhuiscít, le fáil ar fud an Domhain. Tá cuid mhaith de na speicis suntasach don mhíochaine is an tréidliacht mar gur iompróirí galar iad, cosúil le maláire, fiabhras buí, fiabhras deingí, is eilifintiáis. Uaireanta, tugtar corrmhíol uirthi freisin, cé go n-úsáidtear an t-ainm sin freisin ar na feithidí a dtugtar gnats orthu i mBéarla. Itheann na baineannaigh fuil, agus na fireannaigh súlaigh plandaí. Beirtear na huibheacha in uisce. Na larbhaí uisciúil, ag ithe trí phlanctóin a scagadh ón uisce. An pupa camógchruthach gníomhach, ag maireachtáil faoi scannán dromchlach, crochta lena fheadán riospráide. Feidhmíonn na baineannaigh mar iompróirí na maláire, an fhiabhrais bhuí, na fioláiriáise, an fhiabhrais dheingigh, agus orgánach eile galar.