Crosfhocal

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí CluicheCrosfhocal
Sampla deword puzzle (en) Aistrigh

Cluiche focal atá i gceist le crosfhocal (nó crosaire mar a thugtar air uaireanta). Is éard atá i gceist leis ná greille folamh a bhfuil slí ann do fhocail a thagann le chéile ag 'crosairí' na litreacha comónta eatarthu. Bíonn leath de na focail ag síneadh ó chlé go deas agus an leath eile ó bharr go bun. Bíonn ar an duine atá ina bhun boscaí a théann trasna agus síos i ngreille a líonadh le cabhair leideanna leis na focail chearta a aimsiú. Bíonn na leideanna seo uimhrithe agus bíonn túsuimhir na leide i gceann de na boscaí. Tá dhá phríomhchineál crosfhocail ann, ceann le leideanna simplí agus ceann a bhfuil leideanna crosta ann. Sa chrosfhocal simplí is comhchiallaigh de fhocail na leide nó freagraí simplí ar cheisteanna soiléire a bhíonn mar fhreagra den chuid is mó. Sa chrosfhocal crosta, áfach, bíonn níos mó den dúshlán i gceist, áit a mbíonn imeartas focal, tagairtí doiléire agus múnlaí seanbhunaithe in úsáid. Bíonn crosfhocail ar fáil i réimse leathan teangacha, is minic a úsáidtear iad le foghlaim focal nó teangacha a chur chun cinn. Bíonn crosfhocail a mbíonn téamaí áirithe acu nó cinn a bhíonn dírithe ar aoisghrúpa nó cumas faoi leith ann chomh maith. Is minic crosfhocail i nuachtáin laethúla agus sheachtainiúla chomh maith le bheith i bhfoilseacháin a bhaineann le cluichí focal nó bailiúcháin chrosfhocal díreach leo féin.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]