Cripteagrafaíocht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Gléas Rúnscríobh (An Dara Cogadh Domhanda)

Is éard atá i gceist leis an Cripteagrafaíocht ná athrú i bhfoirm teachtaireachta trí chóid is rúnscríbhinní chun a brí a cheilt. Seasann códfhocail — i gcódleabhar, de ghnáth, a bhíonn ag an duine a chumann an teachtaireacht agus an duine a bhfuil sí dírithe air — d'fhocail nó frásaí sa bhunteachtaireacht i ngnáth-théacs. I rúnscríbhinn déantar ionadú nó aistriú ar gach litir ar leith de réir rialacha rúnda.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Cripteagrafaíocht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 182.