Criostal fótónach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Criostal fótónach

Criostal saorga ina bhfuil eilimintí frithchaiteacha leagtha amach go rialta (mar shampla, laitís chearnógach le colúin fhrithchaiteacha timpeall 1 μm amach ó chéile). Maidir leis na gathanna solais a théann isteach sa laitís ón taobh, frithchaitear iad ó cholúin dhifriúla, trasnaíonn siad a chéile, agus cuirtear bac ar tharchur solais de mhinicíochtaí áirithe. Má bhíonn colúin aonaracha nó línte colún ar iarraidh, feidhmíonn sé seo chun solas a sháinniú, agus mar sin is féidir criostail fhótónacha a úsáid chun léis an-mhíne solais a ionramháil. Táirgeadh criostail fhótónacha le feidhmiú sa chuid infheicthe den speictream, agus is féidir go soláthróidh seo bealaí chun micrichiorcaid optúla a shreangú i gcomhair feidhmeanna teileachumarsáide is ríomhaireachta amach anseo. Chuirfeadh criostail fhótónacha, ar scála i bhfad níos mó, cosc ar tharchur fuaime, agus tairgeadh a leithéid mar theicníocht fuaimdhíonta.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Criostal fótónach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 182.