Creidne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarCreidne
Gan bheith measctha le Creidhne, gabha óir na dTuath Dé Danann

I Miotaseolaíocht na nGael, banlaoch na bhFiann ab ea Creidne. D'éirigh sí ina taoiseach buíon gaiscí, tar éis di caidreamh colach lena hathair a éalú.[1]

Caidreamh colach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá seanscéal an maidir le Conaille Muirtheimne[2] a deir go raibh triúr mac ag Conall Constamail mac Finnchada, darbh ainmneacha Rúntar, Glass agus Ímda (eapainmneacha den Dál Rúntar, Glasraige agus Dál nÍmda) lena iníon féin, Creidne. De bharr náire, dhíbir sé í agus a mic. Throid sí in éadan a tuistí agus tar éis deoraíocht le seacht mbliana, rinneadh sa deireadh síocháin.

Long oiliúna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Long oiliúna na Seirbhíse Cabhlaigh is ea Creidne. Bhí sí i seirbhís ó 1975 go 1980 idir Asgard I agus Asgard II, agus arís tar éis cailleadh an Asgard II in 2008.[3]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Ellis, Peter Berresford (1987). "A Dictionary of Irish Mythology". Oxford University Press. 
  2. O'Brien, M.A. (1962). "Corpus Genealogiarum Hiberniae I". 
  3. Creidne ar Sail Training Ireland