Creative Commons
| Mana | Creative Commons develops, supports, and stewards legal and technical infrastructure that maximizes digital creativity, sharing, and innovation. | ||||
|---|---|---|---|---|---|
| Sonraí | |||||
| Ainm gearr | CC agus 🅭 | ||||
| Cineál | eagraíocht neamhbhrabúis údar foilsitheoir eagraíocht | ||||
| Réimse oibre | ceadúnas poiblí, cóipcheart agus ceadúnas | ||||
| Foirm dlí | eagraíocht neamhbhrabúis | ||||
| Stair | |||||
| Dáta a bunaíodh | 15 Eanáir 2001 | ||||
| Bunaitheoir(í) | Lawrence Lessig, Hal Abelson agus Eric Eldred | ||||
| Gníomhaíocht | |||||
| Limistéar oibriúcháin | domhanda | ||||
| Táirge | Creative Commons license (en) | ||||
| Ball de | COMMUNIA Association for the Public Domain UNESCO Global Open Science Partnership (en) Open Education Global Open Source Initiative Re:Create Coalition (en) | ||||
| Rialachas corparáideach | |||||
| Ceanncheathrú | |||||
| Príomhoifigeach feidhmiúcháin | Ryan Merkley (2014–2019) Catherine Stihler (2020–2024) Anna Tumadóttir (en) | ||||
| Líon fostaithe | 147 | ||||
| Codanna | |||||
| Cuid de | free-culture movement (en) | ||||
| Táscaire eacnamaíoch | |||||
| Maoiniú | (Open Society Foundations (en) Open Society Foundations (en) Open Society Foundations (en) | ||||
| Maoinitheoir | Open Society Foundations (en) Open Society Foundations (en) Open Society Foundations (en) | ||||
| Ioncam iomlán | 12,563,767 $ (2016) | ||||
| Sócmhainní iomlána | 12,542,497 $ (2022) | ||||
| Eile | |||||
| Uimhir teileafón | +1-415-429-6753 | ||||
Gradam a fuarthas
| |||||
| Suíomh gréasáin | creativecommons.org | ||||
Eagraíocht neamhbhrabúis is ea Creative Commons (CC). Tá sé mar aidhm aici an líon saothar chruthaiteach ar an saol a mhéadú chun go gcuirfí leis go dleathach agus go roinnfí é gan bhac.[1] Tá roinnt mhaith ceadúnas scaoilte ag an eagraíocht ar a dtugtar ceadúnais Creative Commons agus atá le fáil saor in aisce don saol. Cuireann na ceadúnais seo ar chumas cruthaitheoirí saothair a chur in iúl cé acu cearta atá á gcoimeád acu agus cé acu cearta atá siad a ghéilleadh ar mhaitheas daoine ar mhaith leo úsáid a bhaint as an saothar, cruthaitheoirí eile ina measc. Tá míniúchán sothuigthe le fáil ar gach aon cheadúnas de chuid Creative Commons agus é scríofa ar aon leathanach amháin in éineacht le híomhánna amhairc. Ní ghlacann ceadúnais Creative Commons áit cóipchirt; tá siad bunaithe air. Glacann ceadúdanais CC áit na hidirbheartaíochta idir úinéir cóipchirt (ceadúnóir) agus ceadúnaí a bhíonn riachtanach faoin gcóras úd "gach ceart ar cosnamh". Ina áit sin bíonn córas "cuid ceart ar cosnamh". Sa chóras seo bíonn ceadúnais chaighdeánaithe i gcásanna athúsáid saothar mura mbíonn cúiteamh á iarraidh ag úinéir an chóipchirt. Is é an toradh air seo ná réim bhainistíochta cóipcheart atá solúbtha le forchostais agus costais ísle. Úsáideann Vicipéid ceann de na ceadúnais seo.[2]
Chuir Lawrence Lessig Creative Commons ar siúl ar 15 Eanáir 2001, in éineacht le Hal Abelson agus Eric Eldred agus le cuidiú ón Center for the Public Domain. Is é Ryan Merkley príomhoifigeach feidhmiúcháin an CC. Faoin mbliain 2015, bhí 100 eagraíocht comhcheangailte le Creative Commons in 75 tír.[3] Tá beirt ar bhord chomhairleach Creative Commons a bhfuil nó a raibh baint acu le Wikipedia, mar atá, Sue Gardner agus Jimmy Wales.[4]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Frequently Asked Questions".
- ↑ "Wikimedia Foundation Terms of Use".
- ↑ "CC Affiliate Network".
- ↑ [1] Baill CC
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- [2] Suíomh oifigiúil Creative Commons, arna rochtain ar 15 D.F. 2016