Críochluas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Críochluas

An luas is mó a bhaineann réad amach nuair a ligtear dó titim go saor trí shreabhán éigin (aer nó uisce, de ghnáth). Baintear an críochluas amach nuair a thagann na fórsaí frithbheartacha (cúltarraingthe) de bharr an mheáin, a mhéadaíonn de réir mar a mhéadaíonn an luas, le bheith cothrom agus sa treo eile ón bhfórsa luasghéaraithe (domhantarraingthe) i dtreo na gluaiseachta. Braitheann a luach ar an sreabhán, agus cruth, dlús is gairbhe dhromchla an réada.