Cothromóid Navier-Stokes

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cothromóid Navier-Stokes

Cothromóid chasta a chuireann síos ar dhinimic sreabháin shlaodaigh, an gaol idir athruithe i luas an tsreabháin agus athruithe sa bhrú air is sna fórsaí slaodachta. Díorthaithe ag an innealtóir Francach Claude Navier agus an matamaiticeoir Éireannach George Stokes. Ní féidir réiteach a fháil uirthi ach i gcásanna ar leith.