Club peile is ea Cork City Football Club (Cumann Peile Chathair Chorcaí as Gaeilge) i gCorcaigh, Éire. D'imir sé sa staid Crosaire Tuirnéir (Béarla: Turner's Cross). Bunaíodh an club sa bhliain 1984. Sna séasúir 2008 agus 2009, bhí fadhbanna airgeadais ag an gclub. Mhair Cathair Chorcaí tríd tréimhse scrúdaitheoireachta i 2008[1], ach d'fhan na fadhbanna an bhliain dár gcionn faoi úinéireach Tom Coughlan. Bhí an club mar íospartach roinnt cásanna san Ard Chúirt de bharr Coughlan, leis an gCoimisinéir Ioncaim ag iarraidh ordú foirceanta a fháil amach orthu.[2][3] Sábháladh iad sa nóiméad deireanach.[4] Arís, níor dheireadh leis an tubaiste a bhí ag tarlú agus i bhFeabhra 2010, lánscoireadh an cuideachta shealbhaíochta (Cork City Investments Fc Ltd).[5][6]
Níor dheireadh le Chumann Peile Chathair Chorcaí, áfach. Bunaíodh iontaobhas dar ainm FORAS (Friends Of the Rebel Army Society) i 2007 agus lánsáileadh i 2008 é, nuair a bhí an club i scrúdaitheoireacht.[7] Cuireadh iarratas isteach go dtí Cumann Peile na hÉireann chun imirt sa Chéad Rannán, sa chás nach bhfaighidh Tom Coughlan ceadúnas chun imirt i Sraith na hÉireann. Sin cad a tharla, agus fuair FORAS an ceadúnas i bhFeabhra 2010.[8] De bharr nach raibh cearta na hainm agus stair Chathair Chorcaí ag FORAS sular cuireadh an iarratas isteach, bhí orthu imirt faoin ainm 'Cork City FORAS Co-op' don séasúr. I Meitheamh 2010, cheannaigh FORAS ainm agus cearta intleachtóra do Chumann Peile Chathair Chorcaí[9] agus bhí cead acu imirt faoin ainm sin sa séasúr 2011 arís.
Tá an chlub faoi úinéireacht FORAS (Friends Of the Rebel Army Society)[10], iontaobhas lucht tacaíochta a bhunaíodh i 2007. Toghann na hIontaobhaithe Bord Bainistíochta chun an chlub a rith, ach is ar Cruinniú Cinn Bhliana (nó Cruinniú Cinn Urghnách) a mbíonn na socruithe tabhachta déanta.